Scríbhneoir próis agus sagart ab ea an tAthair Peadar Ua Laoghaire (nó Peadar Ó Laoghaire; 30 Aibreán1839 – 21 Márta1920).[1] Scríbhneoir bisiúil agus athbheochanóir mór le rá lena linn ba ea é Tá cáil nach beag ar shaothar an Athar Pheadair Uí Laoghaire mar gheall ar a shaibhre is atá sé ó thaobh na Gaeilge de agus mar gheall ar an léargas a thugtar ann ar chaint bheo Chorcaí ag tús an 20ú haois.[2] B'é an scríbhneoir é is mó a mhúin an teanga agus is troime a d’fhág a rian ar scríobh na Gaeilge i dtosach na hathbheochana.[3][4]
An réamhfhocal úd um, ná fuil beo ach i nGaelainn Mhúscraí, is cuid de Ghaelainn an mhaorlathais agus na dlí é inniu, agus is dócha gurbh as Gaelainn Uí Laoghaire a tháinig sé in úsáid chomh forleathan san.
Léirigh Peadar Ua Laoghaire caint na ndaoine ina thimpeall mar a bhí sí, don chéad uair riamh.[2] Bhí an dá shaghas téacs ann an uair sin; teanga ársa Chéitinn agus an béaloideas a d’eascair ón gcaint bheo.[6] Rinne Ua Laoghaire iarracht ábhar liteartha a chur ar fáil bunaithe ar an gcaint bheo sin. Is mar sin a bhunaigh lucht na hathbheochana an nualitríocht.[2]
Foilsíodh Séadna ina shraithscéal in Irisleabhar na Gaeilge sna 1890idí sular cuireadh an scéal ar fad i gcló faoi aon chlúdach amháin sa bhliain 1904.
agus é á insint mar scéal chois tine ag triúr cailíní óga. Tá gearreagráin ann a bhfuil fráma sna scéalaíochta bainte díobh. Is é is príomhthéama don scéal ná an margadh a shocraigh an gréasaí Séadna leis an bhFear Dubh. Cé go bhfuil an scéal préamhaithe in ithir an bhéaloidis a chloiseadh an scríbhneoir ó na seanchaithe cois teallaigh le linn a óige, tá dlúthghaol aige fosta leis an miotas Gearmánach i dtaobh Faust.
Taobh amuigh de Séadna, scríobh Peadar Ua Laoghaire leabhar dírbheathaisnéise faoin teideal Mo Sgéal Féin, a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.
Sa bhliain 1900, scríobh Ua Laoghaire an dráma Tadhg Saor. Léirigh Craobh na Paróiste Thuaidh de Chonradh na Gaelainne Tadhg Saor i Halla Mhuire, Corcaigh, Lá ’le Pádraig 1902 (tá cuntas ag Éamonn an Chnoic, nó Éamonn Ó Donnchadha, ar an léiriú sin in Banba, Bealtaine 1902).[7]
Taobh amuigh de Séadna,Mo Sgéal Féin agus Tadhg Saor, ailt, aistriúcháin agus athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de Don Quixote.[8] Chuir sé Nua-Ghaeilge ar scéalta de chuid na seanlitríochta Gaelaí, cosúil le hEisirt agus An Cleasaí.
Papers on Irish idiom : together with a translation into Irish of part of the first book of Euclid, by the late canon Peter O'Leary ; edited by Thomas F. O'Rahilly.
Cómhairle ár leasa, articles published in the "Leader"
Mo shlighe chun Dé : leabhar urnaighthe
Foilsíodh alt ina bhfuil 487 d'ailt agus de shaothair Ua Laoghaire le fáil in Celtica in 1954[11].
↑Chuir sé Gaeilge a cheantair féin ar leagan giorraithe de scéal Don Quixote, nó Don Cíochótae, as Gaeilg. Tháinig eagrán nua den leabhar i gcló sna 2000idí