Radovan Karadžić

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Radovan Karadžić
Radovan Karadžić trial judgement 24 March 2016.jpg
1. Uachtarán Republika Srpska

Aibreán 7, 1992 - Iúil 19, 1996
← no value - Biljana Plavšić (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Petnjica (en) Aistrigh, 19 Meitheamh 1945 (77 bliain d’aois)
Náisiúntacht An Bhoisnia-Heirseagaivéin
Poblacht Shóisialach Chónaidhme na hIúgsláive
Republika Srpska (en) Aistrigh
An tSeirbia
Montainéagró
An tSeirbia agus Montainéagró
Grúpa eitneach Seirbiaigh
Teanga dhúchais An tSeirbis
Muintir
Céile/Céilí Ljiljana Zelen Karadžić (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Sairéavó
Columbia University College of Physicians and Surgeons (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
An tSeirbis
Gairm
Gairm polaiteoir, file agus síciatraí
Duais
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí ag Cogadh Boisniach
Cleamhnú
Reiligiúin Ceartchreidmheach an Oirthir
Páirtithe polaitíochta Serbian Democratic Party (en) Aistrigh
League of Communists of Yugoslavia (en) Aistrigh
IMDb nm0438734
Radovan Karadzic Signature.svg

Iar-pholaiteoir, file agus síciatraí Serbiach is ea Radovan Karadžić (Seirbis Choireallach: Радован Караџић), a rugadh sa bhliain 1945. Ciontaíodh i gcinedhíothú é.

grianghraf a rinne na póilíní nuair a gabhadh é sa bhliain 1984


Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

29 Lúnasa 2008

Rugadh Karadžić ar an 19 Meitheamh 1945 i bPetnjica, Poblacht Shóisialta Mhontainéagró, Poblacht Chónaidhme Shóisialta na hIúgslaive).

Bhain sé cáilíocht amach mar dhochtúir agus mar shíciatraí.

Ciontaíodh i gcalaois é sna 1980idí agus chaith sé beagnach bliain amháin i bpríosún. Bhí Karadžić ina uachtarán ar an chéad rialtas Boisniach-Seirbiach, agus b'eisean a bhí i gceannas i rith an Chogaidh Bhoisniach idir na blianta 1992 agus 1995.

Mar gheall ar an gcinedhíothú a tharla in Srebrenica sa bhliain 1995 agus coireanna chogaidh eile a rinneadh le linn an chogaidh sin, sa bhliain 1995 d’ordaigh breitheamh ó Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv go dtabharfaí os comhair Chúirt na Náisiún Aontaithe sa Háig é in éineacht le Ratko Mladić (Ceann Foirne Arm Republika Srpska nó an t-Arm Boisniach Seirbiach).

Ar a theitheadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Karadžić na blianta idir 1995 agus 2008 ar a sheachaint ó na húdaráis. Chaith sé roinnt ama ag obair i mBéalgrád faoin ainm bréige Dragan Dabić, agus ag cleachtadh go príobháideach mar lia i mBéalgrád.[1][2]

Cuireadh an-bhrú ar an rialtas i mBéalgrád chun é a gabhadh.

Bhí na seirbhísí slándála in amhras faoi Dabic le fada. Bhí ar bhean óg, as na seirbhísí slándála agus ag obair faoi rún, dul i dteagmháil le Dabic chun a chuid ADN (DNA) a phiocadh suas. Rinne sí coinne leis an dochtúir. Bhí uirthi roinnt ribí amach a tharraingt amach as a chuid gruaige.[3][4] Fear mór ban a bhí i Karadžić agus agus chríochnaigh sí an tasc a tugadh di gan aon agó.

Cuireadh cogar i gcluas Karadžić faoin fhiosrúchán, is cosúil. Cúpla lá níos déanaí, bhí sé ag iarraidh teitheadh nuair a gabhadh é ar bhus idirchathrach ar 21 Iúil 2008.[4]


Triail agus faoi ghlas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh chun trialach é sa Háig maidir le coireanna cogaidh. Tá sé faoi ghlas ó shin.

Chuir Karadzic síos air féin mar "scríbhneoir". Uaireanta, deifríonn polaiteoirí chun tosaigh lena gcuid dintiúirí intleachtúla a dheimhniú os comhair an phobail. Sa chás seo, Is é an peann cosaint Karadzic ar uafás a iompair pholaitiúil féin : 'Ná bac leis na coirp. Is duine culteurtha mé. Scríobhaim leabhair.'[5]

Ciontaíodh ar an gceannaire Seirbiach sa Bhoisnia sa bhliain 2016 faoi shléacht Srebrenica i 1995 inar maraíodh 800 Moslamach. Bhí príosún 40 bliain curtha air ag breithiúna na Náisiún Aontaithe.[6]

Ach sa bhliain 2018, rinne Karadzic achomharc in aghaidh a chiontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe agus é ag iarraidh go gcuirfí ar a thriall an athuair é.

In 2019, bhí príosún saoil gearrtha ar Karadzic in áit an dá scór bliain a bhí curtha air roimhe seo. Ciontaíodh freisin é i gcinedhíothú agus i bhfeachtas inár díbríodh Crótaigh agus Moslamaigh as ceantair a bhí faoi cheannas na Seirbiach sa Bhoisnia.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "After Karadzic arrest, West hopes for capture of Mladic" (en). France 24 (2008-07-23). Dáta rochtana: 2021-11-27.
  2. Reuters (2008). "Karadzic arrested in Serbia, worked as doctor". Dáta rochtana: 2021.
  3. vqronline.org (2009). "Pop-Art Radovan". Dáta rochtana: 2021.
  4. 4.0 4.1 "BBC World Service - The History Hour" (en-GB). BBC (23 Sam 2021). Dáta rochtana: 2021-11-27.
  5. "Ceachtanna le cur i bhfeidhm i ndiospoireacht na hEorpa" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-27.
  6. Nuacht RTÉ (2019). "Príosún saoil gearrtha ar Radovan Karadzic". amp.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-11-27.